Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (106, 107)

Peadar Tóibín

Question:

106. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30077/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

107. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30092/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 106 agus 107 le chéile.

Tá seachtar ball foirne a bhfuil cumas feidhmeach acu obair na Roinne a dhéanamh sa Ghaeilge, coibhéiseach le tuairim 1% den fhoireann uile. Cé go bhfuil cuma ar an líon seo a bheith beag, is leor é le riachtanais na Roinne, nach mbíonn i dteagmháil dhíreach le hardleibhéal agus nach gcuireann seirbhísí agus scéimeanna díreacha ar fáil le daoine den phobal i gcoitinne, a bhaint amach ag féachaint do chineál a cuid feidhmeanna agus a cuid oibre.

Top
Share