Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (142, 143, 144)

Peadar Tóibín

Question:

142. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Sláinte cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30074/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

143. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Sláinte an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30089/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

144. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Sláinte an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30104/16]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 142 go 144, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá rún daingean ag mo Roinn a chinntiú gur féidir freastal a mhéad is féidir ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ba é 395 duine an líon iomlán daoine a bhí ag obair sa Roinn ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2016. Den líon sin, tá seachtar ball foirne, nó beagnach 2%, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar don Roinn sa Ghaeilge agus cuirtear aon cheisteanna teileafóin ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge.

Ní chuirtear aon cheanglas sa reachtaíocht ar an Roinn sprioc a leagan síos maidir leis an líon ball foirne ar cheart dóibh bheith in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Mar sin féin, luaitear sa Scéim Teanga 2015-2018 ón Roinn Sláinte go sainaithneoidh an Roinn aon phoist dá bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas. Shainaithin an Roinn aon phost den sórt sin agus ceapadh ball foirne chuig an ról sin ina dhiaidh sin.

Is é beartas na Roinne leibhéal agus cáilíocht reatha na seirbhíse trí mheán na Gaeilge a choinneáil ar bun.

Top
Share