Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (158, 159, 160)

Peadar Tóibín

Question:

158. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30065/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

159. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30080/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

160. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30095/16]

View answer

Written answers

Molaim ceisteanna Uimh. 158 go 160, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar tí Scéim Teanga nua faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a thabhairt chun críche. Ullmhaíodh an scéim leis an gcuspóir go bhforbrófar agus go gcuirfear chun cinn leibhéal agus caighdeán na seirbhíse a chuireann an Roinn ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Chomh maith le comhlíonadh a dualgais faoi alt 10 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun doiciméad áirithe a chur ar fáil sa dá theanga ag an am céanna, foilsíonn an Roinn doiciméid chorparáideacha eile, ar nós Chairt Chearta na bhFeirmeoirí, an Chairt do Chustaiméirí agus an Plean Gníomhaíochta Custaiméirí  agus leabhrán na Scéimeanna agus Seirbhísí, as Gaeilge agus as Béarla araon.

Faoi Lúnasa 2016, tá 74 ball foirne a bhfuil cumasach sa Ghaeilge i mo Roinn, agus tá 265 eile tar éis leas a bhaint as oiliúint Gaeilge. Is ionann é sin le 2.54% agus 9.10% den fhoireann iomlán faoi seach.

Is féidir le baill foirne iarratas a chur isteach ar oiliúint Gaeilge tríd an Aonad Foghlama agus Forbartha, agus meastar gach iarratas ar a bhuntáistí féin. Is féidir le baill foirne leas a bhaint as an gClár um Aisíoc Táillí freisin chun tabhairt faoi Dhioplómaí Gaeilge in Ollscoileanna éagsúla in Éirinn.

D’aithin mo Roinn sé phost ina bhfuil gá le hinniúlacht sa Ghaeilge trí phleanáil d’fhórsa saothair. Le bliain anuas, earcaíodh Oifigeach Feidhmiúcháin amháin a bhfuil Gaeilge aige chun folúntais a líonadh. Tá na sé phost líonta faoi láthair agus comhlíontar an t-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge ó chliaint na Roinne.

Tugann mo Roinn an-tacaíocht don Ghaeilge agus tá Aonad Gaeilge tiomnaithe aici. Cuireadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a reachtáladh le gairid agus baineadh líon beag cuairteoirí dár seastán leas as an seirbhís seo. Ina theannta sin, bhunaigh baill foirne bunaithe i roinnt oifigí timpeall na tire, ar bhonn deonach, Líonra Gaeilge. Buaileann baill den Líonra sin le chéile ar bhonn rialta agus eagraíonn siad imeachtaí dhátheangacha. Mhol an Líonra roinnt tionscnamh gur féidir leo leibhéal na seirbhísí a chuireann an Roinn ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge a ardú agus tá an tAonad Gaeilge ag scrúdú ceann de na moltaí sin faoi láthair. Measfar tionscnaimh eile de réir mar is cuí.

Top
Share