Peadar Tóibín
Question:169. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30079/16]
View answerDáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016
169. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30079/16]
View answer170. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30094/16]
View answer171. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30109/16]
View answerMolaim Ceisteanna Uimh. 169 go 171, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Tá aon phost amháin i mo Roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis agus is é post an Oifigigh Ghaeilge an post sin. Tá roinnt ball foirne sa Roinn atá líofa i scríobh agus labhairt na Gaeilge laistigh den phost seo. Cuireann siad seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn deonach amháin.
Os rud é nach bhfuil post ar bith sa Roinn atá aitheanta ag an Roinn, seachas post an Oifigigh Ghaeilge, mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis chun dualgais an phoist sin a urscaoileadh, ní chuireann an Roinn polasaí earcaíochta chuóta áirithe i bhfeidhm ar an líon iomlán foirne atá oilte ar an nGaeilge agus níl aon sprioc áirithe leagtha amach ag an Roinn i dtaobh an lín sin ach oiread.