Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (174, 175, 176)

Peadar Tóibín

Question:

174. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30075/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

175. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30090/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

176. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30105/16]

View answer

Written answers

Molaim ceisteanna Uimh. 174 go 176, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

I suirbhé ar an bhfoireann a rinneadh sa bhliain 2012 chun leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a ndéileálann an Roinn leis a fháil amach, deimhníodh gurbh an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas, bíodh siad i scríbhinn, ar an nguthán nó ar bhonn duine le duine. Ós rud é nach bhfuil aon athrú tagtha ar an gcás sin sna blianta ina dhiaidh sin, níor shainaithin mo Roinn, trína próiseas pleanála fórsa saothair, aon phoist dá bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina réamhriachtanas.

Ionas gur féidir le mo Roinn cumarsáid a dhéanamh le cliaint ar mian leo a ngnó leis an Roinn a dhéanamh trí Ghaeilge, tá socruithe i bhfeidhm trínar thoiligh 26 bhall foirne le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna cuí chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ba de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a ullmhaíodh Scéim Gaeilge mo Roinne don tréimhse 2015-2018. Leis an Scéim sin, déantar forbairt ar phrionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ar an ngealltanas a tugadh i gCairt Chustaiméirí na Roinne maidir lena chinntiú go mbeidh custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge in ann déanamh amhlaidh. Ar aon dul leis na gealltanais a tugadh sa Scéim, tá mo Roinn tiomanta do leibhéal an éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheasúnú ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go leanann sí ar aghaidh ag freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, comhtháite agus inrochtana. Déanfar cinneadh sna míonna atá le teacht ar an ngealltanas sonrach a bhaineann le sainaithint a dhéanamh ar aon phoist dá bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas buntábhachtach agus le gach iarracht a dhéanamh an méid sin a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar bheartais earcaíochta, ardaithe céime agus oiliúna, de réir mar is cuí.

Top
Share