Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (180, 181, 182)

Peadar Tóibín

Question:

180. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30067/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

181. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30082/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

182. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30097/16]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 180 go 182, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá triúr ball foirne fostaithe a chabhraíonn lena gcomhghleacaithe i gcursaí Gaeilge ar bhonn deonach ó am go chéile. Níl beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm sa Roinn chun sprioc nó chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bhaint amach. Táimid ag iarraidh beirt oifigeach nua a fháil a bhfuil acmhainn acu chun cabhrú leis an Roinn seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge d'aon duine a lorgaíonn í. Tá an dá phost ag fanacht ar leithdháilte acmhainní tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí atá ag plé le seirbhísí earcaíochta. Níl aon phost áirithe sa Roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Top
Share