Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (185, 186, 187)

Peadar Tóibín

Question:

185. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den an Taoisigh agus Aire Cosanta cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30069/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

186. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den an Taoisigh agus Aire Cosanta an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30084/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

187. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den an Taoisigh agus Aire Cosanta an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30099/16]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 185 go 187, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá seisear sa Roinn faoi láthair atá tar éis iad féin a chur chun cinn chun cabhrú le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus is leor an méid sin chun na riachtanais atá ann a shásamh. Déantar athbhreithniú leanúnach ar na hoibrithe deonacha atá ar fáil.

Níl aon phoist sa Roinn Cosanta a chuireann ceangal ar dhuine a bheith ábalta an tseirbhís áirithe sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl ach éileamh teoranta ón bpobal i gcoitinne ar sheirbhísí na Roinne a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Faoi mar a fhoráiltear i Scéimeanna Teanga reatha na Roinne agus sna Scéimeanna a bhí ann roimhe seo, tarraingíonn an Roinn ar bhuíon ball foirne atá bunaithe chun cabhrú le brainsí na Roinne seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar bhonn deonach agus déileáil le custaiméirí sa teanga sin más gá.

Top
Share