Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (91, 92)

Peadar Tóibín

Question:

91. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Coimirce Sóisialaí cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30078/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

92. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30093/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 91 agus 92 le chéile.

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tháinig Scéim Gaeilge na Roinne 2015-2018 i bhfeidhm ar an 16 Márta 2016 agus beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndeimhníonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim nua. Tá an Scéim seo, ina leagtar amach tiomantais na Roinne do sheirbhís do chustaiméirí i nGaeilge agus ina gcuirtear in iúl na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne www.welfare.ie.

Faoi láthair tá baill foirne sa Roinn a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge nuair a bhíonn siad de dhíth. Tá athbhreithniú ar bun lena fháil amach líon iomlán na bpost dátheangach fheidhmiúla atá ag teastáil sa Roinn agus leis na baill foirne atá ar a gcumas na poist seo a líonadh a aimsiú. Déanfar na ceapacháin leis na poist dhátheangacha ina bhfuil folúntais a líonadh de réir mar a thagann siad chun cinn trí phróiseas earcaíochta an PAS nuair nach féidir iad a líonadh go hinmheánach. Go dtí seo tá post amháin líonta inar aithníodh go raibh gá le ball foirne dhátheangach a cheapadh.

Top
Share