Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 October 2016

Wednesday, 19 October 2016

Questions (57)

Pat the Cope Gallagher

Question:

57. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Oideachais agus Scileanna cén dul chun cinn atá déanta maidir le scoil nua atá beartaithe do Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ón am a fógraíodh an togra seo ar Chlár Caipitil na Scoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31080/16]

View answer

Written answers

Maidir leis an mórthionscadal tógála don scoil dár thagair an Teachta, táthar ag fanacht faoi láthair le ceapadh Foireann Deartha. Táthar ag dúil go dtosóidh an próiseas seo gan mhoill. Déanfaidh Oifigigh de chuid mo Roinne teagmháil dhíreach leis an mBord Bainistíochta faoi na bearta atá díreach romhainn sa phróiseas. Bhí an tionscadal seo san áireamh sa chlár sé bliana le dul ar aghaidh chuig an gcéim tairisceana agus tógála.

Top
Share