Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Questions (169)

Éamon Ó Cuív

Question:

169. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cá mhéad airgead breise atá beartaithe a chur ar fáil le haghaidh fheidhmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge in 2017; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31104/16]

View answer

Written answers

Tá suim bhreise de €2.25m san iomlán curtha ar fáil i mBuiséad 2017 do Chlár Gaeilge, Gaeilge agus Oileánda mo Roinne.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bunlíne nua caipitil i mBuiséad 2017 d'Údarás na Gaeltachta, €1m níos airde ná an bunlíne i mBuiséad 2016. Anuas air sin, tá allúntas breise de €2.4m i gcaipiteal á chur ar fáil agam don Údarás in 2016. Leanfaidh mé orm ag lorg mhaoiniú caipitil breise don Údarás sa tréimhse amach romhainn.

Maidir le caiteachas reatha de, cuirfidh an tsuim bhreise de €1.25m a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus Ghaeltacht faoi Bhuiséad 2017 ar chumas mo Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta.

Is allúntas breise de €250,000 a bheidh ar fáil in 2017 do chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ar a n-áirítear an córas pleanála teanga. Fágann sé seo go mbeidh cistíocht ar fiú €1.25m in iomlán ar fáil in 2017 lena haghaidh. Beidh cinntí á ndéanamh chomh luath agus is féidir maidir le leithdháileadh an tsoláthair seo. Leis an leithdháileadh méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá mé cinnte go mbeifear in ann an tacaíocht do chur i bhfeidhm na Straitéise a threisiú tuilleadh.

Ar ndóigh, tá obair shuntasach ar siúl i mbliana chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge tríd an raon beartais, scéimeanna agus tionscnaimh a mhaoinítear ón gcistíocht de €1m atá ar fáil in 2016. Luafainn go sonrach roinnt bearta faoi leith a thugann léargas ar an gcaoi a bhfuil leas á bhaint as an gciste seo:

- Tá maoiniú de €400,000 á chur ar fáil i mbliana d'Údarás na Gaeltachta chun cabhrú mar is cuí le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht. Sin ardú 100% ar allúntas 2015. Tá an maoiniú seo á chur chun fónaimh go príomha le cabhrú le hullmhú pleananna, go háirithe mar a bhaineann sé le comhairle ghairmiúil a chur ar fáil do na heagraíochtaí sin atá roghnaithe chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

- Ina theannta sin, cuireadh ciste ar fiú €85,000 ar fáil i mbliana d'Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le cur i bhfeidhm an phróisis sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge a thagann faoina scáth.

- Tá ciste de €126,900 á chur ar fáil i mbliana faoin Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile. Is scéim úr í seo ar cuireadh tús léi i mí an Mhárta 2014 agus é mar chuspóir aici cabhrú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Cuirtear cúnamh airgid ar fáil faoin scéim d'ionaid thacaíochta teaghlaigh agus d'ionaid chúraim leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Cuirfidh an scéim ar a gcumas gníomhaíochtaí breise faoi leith a reáchtáil chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta.

- Ina theannta sin tá maoiniú de €40,000 á chur ar fáil i mbliana don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le cumasú dóibh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Top
Share