Bríd Smith
Question:45. D'fhiafraigh Deputy Bríd Smith den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta go mbeidh a thuilleadh ciorruithe ar scéimeanna Fhoras na Gaeilge in 2017 ós rud é nach ndearnadh aon mhéadú ar an maoiniú dóibh i mbuiséad 2017 agus gurb airde costais an bhliain seo chugainn nuair a chuirfear breisithe tuarastail foirne agus costais is airde trádála ginearálta san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31147/16]
View answer