Chuir an duine ainmnithe iarratas isteach ar Íocaíocht Bhunúsach/Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2016 ar an 12 Aibreán 2016.
Roghnaíodh gabháltas an duine ainmnithe le haghaidh cigireacht um Rialachán Níotráití Údarás Áitiúila dhéanann mo Roinnse thar ceann na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil. Chomhaontaigh an duine ainmnithe leis an Oifigeach Cigireachta go ndéanfaí an chigireacht ar an 7ú Márta 2016. Nuair a tháinig an tOifigeach Cigireachta ar an ngabháltas ar an 7ú Márta chun tabhairt faoin gcigireacht, dhiúltaigh an duine ainmnithe don chigireacht dul ar aghaidh. Deir na rialacháin AE a rialaíonn íocaíochtaí faoi na Scéimeanna Íocaíochta Dírí agus na bearta maidir leis an gClár Forbartha Tuaithe, sa chás go gcuireann iarratasóir cosc ar chigireacht a chur i gcrích, go ndiúltófar a iarratas ar chúnamh. De bharr nár chomhoibrigh an duine ainmnithe leis an gcigireacht seo cuireadh pionós traschomhlíonta 100% i bhfeidhm lena íocaíochtaí 2016. Cuireadh an cinneadh seo in iúl don duine ainmnithe ar an 30ú Márta 2016, chomh maith leis an gceart atá ag an duine ainmnithe achomharc ar an gcinneadh a lorg. Tuigim nach bhfuarthas iarraidh air sin go dtí seo.
Sa chás nach mbeidh an duine ainmnithe sásta le toradh aon achomhairc den sórt sin, is féidir achomharc faoin gcinneadh a dhéanamh chuig an Oifig Achomharc Talmhaíochta neamhspleách laistigh de 3 mhí.