Skip to main content
Normal View

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 November 2016

Tuesday, 8 November 2016

Questions (275)

Pearse Doherty

Question:

275. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus tagairt á déanamh do Dhíospóireacht na Saincheisteanna Tráthúla ar an 13 Deireadh Fómhair, an gclúdófar na scoileanna breise uile atá fógartha ag an Aire mar chuid de Scéim na gCúntóirí Teanga; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33263/16]

View answer

Written answers

Beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil suim beagnach €781,242 ceadaithe ag mo Roinn don togra seo le haghaidh 2016/2017. Níl aon ghearradh siar déanta ar an maoiniú ó 2015/2016. Ina dhiaidh sin, tá sé suas do na heagraíochtaí atá ag feidhmiú na scéime ar an talamh an maoiniú atá ar fáil a roinnt, ag brath ar an éileamh agus na tosaíochtaí a athraíonn ó bhliain go bliain. Mar atá ráite agam cheana, tá mé sásta i bprionsabal cúnamh a chur ar fail i gcás na scoileanna breise, faoi réir gach cás ar leith a bheith ceadaithe i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a foilsíodh le déanaí.

Top
Share