Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 November 2016

Tuesday, 29 November 2016

Questions (20)

Éamon Ó Cuív

Question:

20. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad é líon na bhfolúntas foirne sa Roinn nach bhfuil líonta go fóill; cad iad na rannóga lena mbaineann siad; cad iad na céimeanna nó na gráid atá i gceist; cén uair ar éirigh na folúntais seo; an bhfuil sé i gceist an tríú príomhoifigeach a cheapadh i rannóg na Gaeilge, na Gaeltachta agus na noileán; cén uair a líonfar na folúntais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37561/16]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Cé mhéad folúntas foirne atá sa Roinn? Cén fáth nach bhfuil siad líonta? De réir mar a thuigim, tá roinnt folúntas sa Roinn le tamall agus, ar chuma éigin, níl siad líonta. Tá sé an-deacair an obair a dhéanamh mura bhfuil folúntais líonta de réir mar a éiríonn siad. Ar ndóigh, an lá go siúlann duine amach as post, ba cheart go siúladh duine eile isteach ina áit.

Déantar athbhreithniú rialta ar líon foirne na rannán go léir i mo Roinn ar aon dul leis na riachtanais ghnó a thagann chun cinn mar chuid de phróiseas pleanála na Roinne don fhórsa oibre. Nuair a thagann post folamh chun cinn ar aon chúis, ní chaitear leis ar bhonn aonair mar phost atá le líonadh go huathoibríoch. Ina áit sin, déantar scrúdú criticiúil ar riachtanas leanúnach phoist gan líonadh dá leithéid mar chuid de phróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre, ag cur tosaíochtaí foirne reatha eile i gcuntas i gcomhthéacs pholasaí an Rialtais i ndáil le pá agus soláthar foirne na hearnála poiblí, de réir mar atá curtha in iúl ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá trí phost á líonadh faoi láthair i ránnán Gaeltachta na Roinne. Is iad seo stiúrthóir na Gaeilge, folúntas a tháinig chun cinn i mí Eanáir 2016, príomhoifigeach, folúntas a tháinig chun cinn i mí Mheán Fómhair 2016, agus oifigeach feidhmiúcháin, folúntas a tháinig chun cinn i mí na Nollag 2015.

Rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an feachtas earcaíochta do phost stiúrthóir na Gaeilge a fhógairt ar an 9 Meán Fómhair 2016 ar www.publicjobs.ie. Meastar go líonfar an post seo a luaithe a bheidh an comórtas curtha i gcrích sna seachtainí atá amach romhainn.

Tá post mar phríomhoifigeach á líonadh ag mo Roinn freisin i rannán na Gaeltachta trí chomórtas inmheánach. Déanfar agallaimh don phost seo a reáchtáil ar an 12 Nollaig 2016. Meastar go gceapfar duine ón phainéal a chuirfear le chéile mar thoradh na hagallaimh sin mar phríomhoifigeach faoi dheireadh na bliana.

Tá mo Roinn ag breathnú freisin ar an fhéidearthacht a bhaineann le hoifigeach feidhmiúcháin a thrasaistriú chuig an oifig sna Doirí Beaga. Níl aon chinneadh déanta go dtí seo maidir leis an tríú príomhoifigeach a cheapadh do rannán na Gaeltachta.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit as ucht an cheist seo a fhreagairt. An bhfuil aon fholúntas eile in aon áit eile sa Roinn nach bhfuil líonta? An é an scéal atá ann ná go bhfágfar lucht na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán ar an trá fholamh? Níl sé sásúil ar chor ar bith go bhfuil cuid mhaith de na folúntais seo ann le bliain anuas agus go bhfuil an Roinn ag caint timpeall i gciorcal ó thaobh iad a líonadh. Sa deireadh ní raibh ach príomhoifigeach amháin ann agus bhí an Roinn gan aon stúirthóir ag plé le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda. Tá sé sin thar a bheith mí-shásúil.

An bhfuil aon fholúntas eile sa Roinn nach raibh líonta i gcaitheamh an ama seo nó nach bhfuil líonta i láthair na huaire? Cén fáth ar thóg sé bliain a oibriú amach go dteastódh stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn?

Go bhfios dom, níl aon fholúntas in aon áit eile seachas iadsan i rannóg na Gaeilge. Ba í Máire Killoran stiúrthóir na Gaeilge ach tá folúntas ann don phost sin ó mhí Eanáir 2016. Ansin bhí olltoghchán ann agus thóg sé am Rialtas a chur le chéile. Tharla sé sin i dtús mhí na Bealtaine. Ina dhiaidh sin, bhí orainn cead a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ansin bhí an samhradh orainn. Rinneadh an cinneadh agus d'fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar an 9 Meán Fómhair 2016. Thóg sé am é sin a dhéanamh ach beidh an post líonta roimh an Nollaig. Aontaím leis an Teachta gur phost fíorthábhachtach é ó thaobh an straitéis 20 bliain agus Acht na dTeangacha Oifigiúla de agus beidh ról tábhachtach ag an duine sin as seo amach.

Ní ghlacaim leis an bhfreagra atá tugtha don Aire Stáit le tabhairt dom. Bhí a fhios ag an Roinn go raibh Máire Killoran ag imeacht sara d'imigh sí. Ní thuigim cén fáth nár réitíodh amach san am go raibh an Roinn ag fanacht go n-imeodh sí go raibh stiúrthóir na Gaeilge le bheith ag teastáil ar aon chuí . Ní thuigim cén ceist mhór a bhí le plé ag an Roinn Caiteachtais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le líonadh post an stiurthóra. Níl an tAire Stáit ag rá liomsa go m'bhféidir go gcuirfí deireadh leis sin agus go bhfágfaí rannóg na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán taobhach le príomhoifigeach amháin, rud atá tarlaithe.

Go bhfios domsa, gach aon lá ó mhí Eanáir seo caite agus sa tréimhse roimhe sin nuair a bhí fógra tugtha aici, bhí Rialtas in áit agus bhí dualgas ar an Rialtas sin cinnte a dhéanamh. Ní leithscéal ar bith é an olltoghchán. Chuile lá le bliain anuas, nuair a bhí a fhios ag an Roinn go raibh Máire Killoran ag imeacht, bhí Rialtas in áit. Cén fáth gur thóg sé bliain, nó geall leis, an post seo a líonadh nuair atá an oiread sin oibre le déanamh ó thaobh na Gaeilge de agus nuair atá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le cur in áit?

Ó cheapadh mise mar Aire Stáit ar an 19 Bealtaine, bhí an post seo á líonadh. Bhí sé ar bharr mo liosta. Bhí mé i dteagmháil go minic le feidhmeannaigh mo Roinne agus leis an Ard-Rúnaí. Bhí seisean i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Rinne an Roinn sin cinneadh tar éis tamaill cead a thabhairt do mo Roinn dul ar aghaidh agus an post a líonadh. I rith an tréimhse roimh an olltoghchán, agus ina dhiaidh, ní raibh an Roinn sásta cinneadh mór a dhéanamh gan Rialtas nua curtha le chéile agus cinneadh déanta maidir leis an bpost seo agus leis an bpolasaí a bheadh ann.

Mar a dúirt mé, beidh an post líonta roimh an Nollaig agus beidh an duine ag obair ag tús na bliana agus ag dul ar aghaidh leis an obair tábhachtach atá le déanamh.

Top
Share