Skip to main content
Normal View

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 November 2016

Tuesday, 29 November 2016

Questions (211)

Carol Nolan

Question:

211. D'fhiafraigh Deputy Carol Nolan den Aire Oideachais agus Scileanna an dtabharfaidh sé tuairisc maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh chun foirgneamh nua a thógáil do Ghaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe; an bhfuil muinín ag an Aire go mbeidh an scoil ullamh le bogadh isteach inti ag tús scoilbhliain 2017/2018; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37325/16]

View answer

Written answers

Tá an chéim le seilbh a fháil ar shuíomh do Ghaelscoil Riabhach beagnach curtha i gcrích agus mura dtagann aon fhadhbanna chun cinn nach bhfuiltear ag súil leo, táthar ag dréim a bheith críochnaithe go luath.

A luaithe agus atá seilbh faighte ar an suíomh is féidir leis an tionscadal bogadh ar aghaidh go dtí an obair thógála. Ní féidir clár táscach maidir leis an tionscadal a thabhairt chun críche a chur ar fáil go dtí sin.

Top
Share