Skip to main content
Normal View

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 December 2016

Tuesday, 6 December 2016

Questions (279)

Pat the Cope Gallagher

Question:

279. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil gearradh siar breis agus €41,000 déanta ar dheontas Muintearas (Iarthar\Iar-Thuaisceart agus Contae na Mí) i leith Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2016/2017 ach, ag an am céanna, go bhfuil moladh déanta aici 13 scoil bhreise a bheith i gceist faoin scéim (4 cinn i nDún na nGall ); an ndéanfaidh sí cur síos ar an gclár ama do na poist úra seo atá geallta ag an Aire Stáit agus ar cathain a bheidh siad ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38671/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá deontas de bhreis ar €548,600 in iomlán ceadaithe agam do Mhuintearas Teo don scoilbhlian 2016/17 le cumasú dóibh beartais Scéim na gCúntóirí Teanga a chur i bhfeidhm thar ceann mo Roinne i nDún na nGall, i gceantar an Iarthair agus i gCo na Mí. Níl aon ghearradh siar déanta ar an mhaoiniú ó 2015/2016 ná ar na scoileanna atá páirteach.

Mar atá ráite agam cheana, tá mé sásta i bprionsabal cúnamh a chur ar fáil i gcás scoileanna agus cúntóirí breise áirithe ach gach cás ar leith a bheith pléite le mo Roinnse agus aontaithe i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scoileanna. Ina thaobh sin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne anailís a dhéanamh ar riachtanais na scoileanna breise i nDún na nGall agus moltaí ina thaobh sin a chur faoi mo bhráid go luath.

Ar ndóigh ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a foilsíodh le déanaí.

Top
Share