Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 December 2016

Tuesday, 13 December 2016

Questions (411)

Pat the Cope Gallagher

Question:

411. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén líon iomlán clubanna óige atá cláraithe le hÓige na Gaeltachta Teo. sna limistéir Ghaeltachta éagsúla ó 2013 i leith nuair a aistríodh obair Óige na Gaeltachta go dtí Muintearas Teo. agus an gcuirfidh sí an t-eolas seo ar fáil agus é briste síos de réir líon Bhallraíocht A agus líon Bhallraíocht B; céard í an tsuim airgid atá íoctha, i gcomhair ballraíochta, ag gach club a luaitear thuas, ón mbliain 2013 i leith; an bhféadfaí taifead agus miondealú cuimsitheach a thabhairt ar na suimeanna airgid a sholáthair Óige na Gaeltachta Teo., agus Óige na Gaeltachta faoi choimirce Muintearas Teo., aisti féin do gach club as Tír Chonaill; an bhféadfaí taifead agus miondealú cuimsitheach a thabhairt ar an deontas iomlán airgid atá soláthartha ag Ranna Stáit d’Óige na Gaeltachta Teo. agus d’Óige na Gaeltachta faoi choimirce Muintearas Teo. as an státchiste ón mbliain 2013 i leith; an bhféadfaí taifead cuimsitheach a fháil ar an gcaoi ar caitheadh na deontais iomlána airgid thuasluaite; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40075/16]

View answer

Written answers

Mar go bhfuil eolas cuimsitheach iarrtha ag an Teachta, tuigfidh sé nach bhfuil sé indéanta an t-eolas seo a chur le chéile laistigh den amscála atá ar fáil.

Tá iarrtha ar Údarás na Gaeltachta an t-eolas ábhartha a chur ar fáil laistigh den amscála atá leagtha síos sna Buanorduithe agus beifear i dteagbháil arís leis an Teachta chomh luath agus is féidir.

Top
Share