Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Friday - 16 December 2016

Friday, 16 December 2016

Questions (291)

Éamon Ó Cuív

Question:

291. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh na huastáillí a bhaineann leis na seirbhísí farantóireachta eile ar fud an chósta mar chuid den socrú eatramhach maidir leis an tseirbhís go hÁrainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40570/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, níl aon chonradh ag mo Roinn faoi láthair chun seirbhís farantóireachta a chur ar fáil d’Árainn. Tá oifigigh mo Roinne ag cuidiú an oiread agus is féidir le Comhairle Contae na Gaillimhe agus leis an bhfarantóir atá ann faoi láthair chun teacht ar chomhaontú maidir le cur i bhfeidhm fodhlithe ag Cé Chill Rónáin.

Beidh an conradh atá ag mo Roinn don seirbhís farantóireachta d’Inis Meáin agus Inis Oírr ag teacht chun deireadh ar 31 Deireadh Fómhair 2017 agus beifear i dteagmháil le geallsealbhóirí, pobal Árann san áireamh, faoi chonradh nua go luath i 2017.

Top
Share