Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 760, 761 agus 762 le chéile.
Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge. Ós rud é go raibh an Straitéis cúig bliana ar an bhfód ag deireadh 2015, eagraíodh díospóireacht oscailte ina leith ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn. Mar chuid den phróiseas sin, reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí ag an am agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon.
Ar mhaithe le tacú leis an bpróiseas, ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, chun tuairisc a chur i dtoll a chéile ina ndéanfaí coimriú ar thátal na gcruinnithe agus rianú ar na príomhthosaíochtaí straitéiseacha do na blianta amach romhainn. Chuir an tAcadamh dréacht-thuairisc faoi bhráid mo Roinne ag deireadh Meithimh 2016. Tá an tuairisc seo á breithniú i dtreo í a chur ar aghaidh go gairid chuig an Coiste Comhairleach a ceapadh ag tús 2014 le comhairle a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise. Agus moltaí an Choiste Chomhairligh a bheith faighte agam, bheadh sé i gceist agam tabhairt faoi na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse chúig bliana a fhoilsiú go luath.