Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 January 2017

Tuesday, 17 January 2017

Questions (769)

Éamon Ó Cuív

Question:

769. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise an méid a dúradh sa fhreagra ar Cheist Uimhir 289 an 15 Nollaig, an féidir léi a dheimhniú nach bhfuil sé ar intinn go líonfar an folúntas mar Phríomh-Oifigeach Cúnta atá tar éis tarlú de bharr cheapachán Aodháin Mhic Cormaic mar Stiúrthóir; cén fáth atá leis seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41886/16]

View answer

Written answers

Tá sé curtha in iúl dom go bhfuil an folúntas do Phríomhoifigeach Cúnta, a d’eascair as ceapachán Stiúrthóir na Gaeilge, líonta cheana féin.

Top
Share