Sa Straitéis Náisiúnta Tailte Móna tá sé leagtha síos go bhfuil dualgas ar Éirinn, faoin Treoir ón AE maidir le Gnáthóga, córas bainistíochta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go leanfar ar aghaidh le baint móna ar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta ar bhratphortaigh ar bhealach nach gcuirfidh sláine na suíomhanna sin i mbaol. Déanfar Pleananna Bainistíochta a dhréachtú i gcomhairle le pobail áitiúla chun a chinntiú go ndéanfar na tailte móna tábhachtacha seo a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ar mhaithe leis an bpobal agus i gcomhréir le dlí an AE.
Sa chéad dul síos, mar sin, is mian liom a chinntiú go rachfar i gcomhairle go cuí le pobail áitiúla, agus ina dhiaidh sin go ndéanfar an obair eolaíoch is gá chun taca a chur faoi bhainistíocht sa todhchaí.
Tá sé i gceist agam Meabhrán a chur faoi bhráid an Rialtais in am trátha ina leagtar amach an plean agus an sceideal oibre atá beartaithe don obair riachtanach.