Cuireann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige saor luathoideachas ar feadh dhá bhliain ar fáil do gach páiste sa tír a dhéanann freastal ar naíonra. Faigheann páistí agus naíonraí na Gaeltachta an soláthar céanna a fhaigheann gach páiste agus naíonra ar fud na tíre.
Is faoi Údarás na Gaeltachta go príomha a thagann cúram na hearnála réamhscolaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht. Ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil é Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil dó go bliantúil a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe dó, lena n-áirítear an earnáil réamhscolaíochta. É sin ráite, as an allúntas d’fhorbairt teanga a chuireann mo Roinn ar fáil don Údarás gach bliain, tuigtear dom go gcuireann an tÚdarás soláthar bliantúil ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo, a chinntíonn go bhfuil seirbhís luathoideachais agus bainistíochta á cur ar fáil ar bhonn ghairmiúil agus leanúnach sa Ghaeltacht. As an soláthar sin a chuireann an tÚdarás ar fáil, cuirtear maoiniú ar fáil do na seirbhísí beaga atá lonnaithe i gceantair tuaithe atá ar bheagán daonra, le cinntiú go bhfuil soláthar luathoideachais agus cúraim leanaí ar fáil do na pobail sin.
I dteannta leis an gcistíocht thuasluaite, cuireann mo Roinn féin cúnamh ar fáil chomh maith - idir reatha agus chaipiteal - chun tacú leis an earnáil, tríd an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile agus an Clár Áiseanna Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne.