Skip to main content
Normal View

An Clár Brústocaireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 January 2017

Tuesday, 24 January 2017

Questions (360)

Dara Calleary

Question:

360. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an síleann sé go bhfuil sé inghlactha nach bhfuil comhfhreagras maidir leis an gClár Brústocaireachta á sheoladh trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach chuig grúpaí brústocaireachta cé gur tugadh geallúint go ndéanfar amhlaidh i mí Eanáir 2016; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2539/17]

View answer

Written answers

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí (an Coimisiún) freagrach as an Clár Brústocaireachta a chaomhnú. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún agus dá bhrí sin níl sé freagrach don Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe maidir lena chuid dualgas a chomhlíonadh. Mar sin féin, tuigim go bhfuil oibriú an Chláir Bhrústocaireachta dátheangach. Soláthraítear na seirbhísí go príomhúil tríd an láithreán gréasáin atá ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Is féidir le húsáideoirí an láithreáin gréasáin clárú agus comhdú a dhéanamh ar líne trí cheachtar teanga oifigiúil. Is féidir leo treoir a fháil ar gach gné d'oibriú an tsuímh gréasáin - ceisteanna coitianta agus físeáin teagaisc san áireamh i nGaeilge agus i mBéarla. Tuigim fosta, de réir a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, go ndéanann an Coimisiún a dhícheall freagra a thabhairt ar chomhfhreagras agus ar chumarsáid sa teanga oifigiúil ina ndéantar an fiosrúchán agus táthar ag scrúdú conas is féidir freagra a thabhairt ar fhiosruithe níos luaithe.  Ar deireadh, tuigim go bhfoilsítear clárúcháin agus tuairiscí ar an chlár sa teanga inar lorgaíodh iad. Níl sé beartaithe go mbeidh ar dhaoine a chláraíonn leis an suíomh deir an Coimisiún go bhfuil beagnach 9,000 iarratas déanta go dtí seo - iarratas a dhéanamh sa dá Theanga Oifigiúil.

Top
Share