Skip to main content
Normal View

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 January 2017

Tuesday, 24 January 2017

Questions (524)

Éamon Ó Cuív

Question:

524. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta (AEOS 2) le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2715/17]

View answer

Written answers

Thosaigh an duine atá ainmnithe a c(h)onradh faoi AEOS 2 an 1 Meán Fómhair 2011. Íocaíochtaí déanta le haghaidh bhlianta scéime 2011-2015.

Faoi na Rialacháin den AE lena rialaítear an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta atá bunaithe ar cheantar, caithfidh seiceáil chuimsitheach riaracháin a bheith déanta, lena n-áirítear cros-seiceáil leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún. Ós rud é go mbeidh na rannpháirtithe uile de chuid AEOS 2 ag fáil a n-íocaíochtaí deiridh faoin scéim, caithfidh athsheiceáil íocaíochtaí a bheith críochnaithe le haghaidh na mblianta scéime go léir sula ndéanfar an íocaíocht deiridh. Tá oifigigh ag obair ar na comhaid seo agus déanfar an íocaíocht chomh luath agus is féidir.

(The person named commenced their AEOS 2 contract on 1 September 2011. Payments issued for 2011-2015 scheme years.

Under the EU Regulations governing the Scheme and other area-based payment schemes, a comprehensive administrative check, including cross-checks with the Land Parcel Identification System must take place. As all AEOS 2 participants will be receiving their final payments under the scheme,  re-checks on payments made for all scheme years must be completed before final payment can be processed. Officials are working through these files and payment will be made as soon as possible.)

Top
Share