Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 25 January 2017

Wednesday, 25 January 2017

Questions (253)

Éamon Ó Cuív

Question:

253. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Buníocaíochta / Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, don bhliain 2016, le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3362/17]

View answer

Written answers

Fuair mo Roinn iarratas faoi Scéim Buníocaíochta 2016 ón duine ainmnithe ar an 2 Meitheamh 2016.  De réir na dTéarmaí agus Coinníollacha a bhaineann leis an scéim, gearradh pionós 13% ar an iarratas seo as ucht é a bheith déanach. I mí Eanáir 2017, íocadh an t-airgead faoin Scéim Buníocaíochta go díreach isteach i gcuntas bainc ainmnithe an iarratasóra. Níl aon taifead ann gur chuir an duine ainmnithe isteach ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha.  Rachaidh oifigeach ó mo Roinn i dteagmháil leis an duine ainmnithe chun an scéal a mhíniú.

Top
Share