Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2017

Tuesday, 31 January 2017

Questions (359)

Seán Crowe

Question:

359. D'fhiafraigh Deputy Seán Crowe den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ós rud é go bhfuil sé ráite aige féin gur mhaith leis gach mír de Chomhaontú Chill Rímhinn a bheith curtha i bhfeidhm, agus ós rud é gur mír thábhachtach den Chomhaontú sin Acht Teanga a rith ó thuaidh, an bhfuil sé ar intinn aige brú a chur ar na páirtithe leasmhara ar fad ó thuaidh Acht Teanga a chur i gcrích. [4344/17]

View answer

Written answers

Tá roinnt eilimintí de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Rímhinn nach bhfuil curtha i bhfeidhm go hiomlán go fóill, iad siúd a bhaineann le hAcht Teanga ina measc. Is é seasamh daingean an Rialtais ná go gcaithfidh Comhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontuithe comharba a bheith curtha i bhfeidhm ina hiomlán, agus feictear é seo sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta.

Rinneadh foráil i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 d’Acht Teanga i dTuaisceart Éireann a bheith achtaithe ag Rialtas na Breataine.

Rinne Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile tacú le hAcht Teanga agus leanann muid ar aghaidh ag obair ar a son. Faraor, go dtí seo ní raibh aontas laistigh den Fheidhmeannas ar ábhar atá anois déabhlóidithe chun é a thabhairt chun cinn.

I gComhaontú Teach Stormont in 2014, rinne an Rialtas agus Rialtas na Breataine, ag cuimhniú ar na gealltanais ó na Comhaontuithe a tháinig roimhe, eadóirseacht don gá le meas agus aitheantas don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Déanann Comhaontú Teach Stormont foráil i gcomhair cruinnithe athbhreithnithe rialta idir an Rialtas, Rialtas na Breataine agus ceannairí páirtithe an Fheidhmeannais. Ag an dá Cruinniú Athbhreithnithe dheireanach – an ceann is déanaí i Mí na Nollag – bhí an deis agamsa aird a tharraigt ar na gealltanais nach bhfuil curtha i bhfeidhm, ina measc iad siúd a bhaineann leis an nGaeilge, agus d’iarr mé go bhfanfadh siad ar an gclár oibre i gcomhair cruinnithe athbhreithnithe sa todhchaí.

Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag tacú leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin, ag cur san áireamh an tacaíocht airgeadais a chuireann muid ar fáil d’obair Fhoras na Gaeilge.

Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh freisin ag dul i ngleic le Rialtas na Breataine agus na páirtithe polaitiúla i dTuaisceart Éireann le cur i bhfeidhm iomlán na forálacha de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na Comhaontuithe comharba, ina measc iad siúd ag baint leis an nGaeilge.

Top
Share