Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2017

Tuesday, 31 January 2017

Questions (422)

Peadar Tóibín

Question:

422. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ós rud é gur eagraíocht trasteorann é Foras na Gaeilge, agus mar gheall gur thug an rialtas ó dheas €750,000 sa bhreis dóibh in 2017, an bhfuil sé ar intinn aici brú a chur ar na páirtithe leasmhara ó thuaidh maoiniú comhoiread a chur ar fáil. [4165/17]

View answer

Written answers

Mar a mhínigh mé i mo phreasráiteas ar 15 Nollaig 2016, tá maoiniú breise d’ os cionn €750,000 curtha san áireamh sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 don bhForas Teanga. Ar nós na bhForas Trasteorann ar fad, tháinig laghdú suntasach ar an maoiniú don bhForas Teanga le blianta beaga anuas. Sna cúinsí sin, caithfear a aithint go ndearna Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise araon iarracht thar barr chun a gcuid seirbhísí túslíne a chosaint.  Cloisim ó na gníomhaireachtaí seo go rialta faoi na dúshláin reatha atá os a gcomhair agus, sa chomhthéacs sin, tá súil agam go mbeifear in ann cabhrú leo freastal níos fearr ar na cúraimí atá orthu ó thaobh cúrsaí teanga agus cultúir a chur chun cinn.

Mar is eol don Teachta, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Tá na buiséid do 2017 fós á bplé ag na Ranna Airgeadais san dá dhlínse agus ní féidir na pleananna gnó agus na buiséid do 2017 a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas go dtí go mbeidh comhaontú ar na buiséid ar fáil.

Is féidir liom a dheimhniú gurb é €13.989m an soláthar táscach sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017 ó dheas chun freastal ar an mbúiséad a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas don bhForas Teanga amach anseo, mar aon le maoiniú imfhálaithe do Chlár na Leabhar Gaeilge agus Cholmcille. Caithfear a threisiú nach bhfuil aon soiléiriú ar chúrsaí meastacháin ó thuaidh go fóill sa chomhthéacs nach dtosaíonn an bhliain airgeadais ó thuaidh go dtí mí Aibreáin.

Top
Share