Skip to main content
Normal View

Buiséad Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2017

Tuesday, 31 January 2017

Questions (442)

Éamon Ó Cuív

Question:

442. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a chuirfear in iúl do na comharchumainn agus do na heagraíochtaí pobalbhunaithe eile cén t-ardú a thiocfaidh ar a ndeontais bhliantúla i bhfianaise an mhéadaithe a tháinig ar an soláthar airgid ón Roinn chuige seo sna meastacháin i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4605/17]

View answer

Written answers

Glactar leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don soláthar airgid atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne. Mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 277 den 6 Nollaig 2016, is eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, is faoin eagraíocht fhéin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil di go bliantúil a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bhforbairt pobail. Tuigim ón Údarás nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord go fóill maidir le leithdháileadh a dhéanamh ar an soláthar méadaithe atá curtha ar fáil i mbliana faoin bhfómhír caiteachais a luaitear thuas.

Top
Share