Skip to main content
Normal View

Plean Infheistíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2017

Tuesday, 31 January 2017

Questions (444)

Éamon Ó Cuív

Question:

444. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aici airgead a chur ar fáil chun an plean infheistíochta, a comhaontaíodh idir 80 grúpa Gaeilge, a chur i bhfeidhm go hiomlán, rud a chruthódh breis is míle post agus go leor deiseanna úsáidte Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4608/17]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Plean Infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar Aghaidh á scrúdú go gníomhach ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Tá an plean pléite le Conradh na Gaeilge le mí anuas, ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun na moltaí atá san áireamh ann a thabhairt chun cinn.

Top
Share