Skip to main content
Normal View

Aitheantas Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 February 2017

Wednesday, 8 February 2017

Questions (127)

Éamon Ó Cuív

Question:

127. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar aitheantas do Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin mar scoil neamhspleách; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6196/17]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil aon taifead ag mo Roinn d'iarratas mar ar tagraíodh dó ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin maidir le Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin.

Top
Share