Ní mór dom a threisiú gur ceisteanna oibríochtúla d'Fhoras na Gaeilge ar an gcéad dul síos na ceisteanna maidir le léasanna áirithe.
Tuigtear dom go raibh Foras na Gaeilge ag lorg socrú cóiríochta fadtéarmaigh ó 2013 i leith, i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí, sular tháinig deireadh lena léas 35 bliana ar a cheanncheathrú reatha i gCearnóg Mhuirfean sa bhliain 2015. Tiocfaidh deireadh leis an léas fadtéarmach ar oifig an Fhorais ar Shráid Fhreidric Thuaidh i mbliana chomh maith. Sa chomhthéacs nach féidir na léasanna sin a athnuachan, tuigtear dom go bhfuiltear ag súil an dá oifig a thabhairt le chéile agus socruithe fadtéarmacha a dhéanamh ó thaobh cheanncheathrú nua don eagraíocht i mBaile Átha Cliath.
Is féidir liom a chur in iúl go ndearna Foras na Gaeilge cás gnó cuimsitheach do na Ranna Urraíochta san dá dlínse, mar is cuí i gcomhréir le halt 5 dá Mheamram Airgeadais, maidir le léas a ghlacadh ar chíos oifige atá os cionn tairseach €37,500 p.a., agus go bhfuil cead i bprionsabal tugtha ag na Ranna Urraíochta chuige sin.