Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2017

Tuesday, 21 February 2017

Questions (241)

Éamon Ó Cuív

Question:

241. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar an togra tógála atá beartaithe le tamall do scoil (sonraí tugtha); cén chúis atá leis an moill ar an gcead a thabhairt dul ar aghaidh leis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8782/17]

View answer

Written answers

D’fhaomh mo Roinn deontas dealbhaithe suntasach i mí Mheán Fómhair 2014 don scoil faoi chaibidil chun méadú buan a thógáil agus oibreacha athchumraithe a dhéanamh. Mar thoradh air seo d’fhéadfaí an chóiríocht réamhdhéanta a bhaint ó láthair na scoile.

Fuair mo Roinn togra le déanaí chun tabhairt faoi réimse oibreacha níos mó a bhfuil costais shuntasacha i gceist léi. Táthar ag féachaint ar an togra athbhreithnithe faoi láthair agus cuirfear cinneadh ar an scéal chuig údarás na scoile chomh luath agus is féidir.

Top
Share