Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2017

Tuesday, 21 February 2017

Questions (368)

Éamon Ó Cuív

Question:

368. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici athnuachan a dhéanamh ar scéim na mbóithre pobail, scéim na gcéibheanna beaga agus scéim na mbóithre áise; an ndéanfar an méid airgid atá i gceist a chur ar fáil do na scéimeanna seo i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8136/17]

View answer

Written answers

Tá forfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh i mí na Nollag 2010 áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta. Anuas air sin, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail. Tabharfar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú, le tacaíochtaí chuí ón Stát.

Tá na scéimeanna atá luaite ag an Teachta ar fionraí anois. I bhfianaise na n-éileamh airgeadais a eascróidh as chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliana agus an phróiseas phleanála teanga, agus an tábhacht a bhaineann leis an obair sin, ní bheidh ar chumas mo Roinne na scéimeanna sin a athnuachan i mbliana.

Top
Share