Skip to main content
Normal View

An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2017

Tuesday, 21 February 2017

Questions (564)

Éamon Ó Cuív

Question:

564. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin scéim ghlas ar bheagán carbóin do chomhshaol na talmhaíochta, GLAS, le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8696/17]

View answer

Written answers

Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 1 agus an 1 Deireadh Fómhair 2015 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá teidlíochtaí iomlána faighte ag an té sin i leith na bliana scéime 2015.

Le linn phróiseas seiceála na réamhíocaíochta in 2016, tugadh fadhbanna ar aird i ndáil leis an mbeart Coimíneachta. Tá oifigigh na Roinne ag obair go gníomhach chun na fadhbanna seo a réiteach le súil is gur féidir an t-iarratas a phróiseáil d'íocaíocht 2016 chomh luath agus is féidir.

Top
Share