Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 February 2017

Tuesday, 28 February 2017

Questions (506)

Éamon Ó Cuív

Question:

506. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair atá sé i gceist aici treoir fhoirmiúil a thabhairt do Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le Céibh Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10474/17]

View answer

Written answers

Mar thoradh ar theagmhálacha a bhí agam le déanaí le hionadaithe Inis Meáin, ionadaithe poiblí agus páirtithe leasmhara eile san áireamh, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne dul i dteagmháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe féachaint cén réamhobair a d’fhéadfaí a dhéanamh i mbliana chun an fhorbairt ar Chéim III de Ché an Chalaidh Mhóir a thabhairt chun cinn.

Top
Share