Mo Roinnse, de ghnáth, a riarann an Clár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta faoina ndéantar maoiniú ar oibreacha caipitil ag na sé Lárionad Cuanta Iascaigh atá faoi úinéireacht an Stáit agus atá lonnaithe i mBaile Chaisleáin Bhéara, an Daingean, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl. Faoin gclár freisin cuirtear maoiniú áirithe ar fáil d'Údaráis Áitiúla le caitheamh ar thionscadail bheaga chun céanna agus cuanta atá faoi úinéireacht na n-údarás a dheisiú agus a fhorbairt agus le caitheamh ar thionscadail rochtana fóillíochta mara ar leith, faoi réir ag maoiniú ón Státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta foriomlána.
Tá €2.5m i maoiniú ceadaithe agam d'Údaráis Áitiúla faoi Chlár 2017. An 3ú Feabhra 2017, iarradh ar Údaráis Áitiúla liostaí tosaíochta de thionscadail a chur aghaidh lena mbreithniú. Ba é an 17ú Feabhra an dáta deiridh ar glacadh le hiarratais. Tá an réamh-mheasúnú ar bun agus ina dhiaidh sin iarrfar ar Údaráis Áitiúla iarratais mhionshonraithe a chur ar aghaidh maidir leis na tionscadail a bheidh ar an ngearrliosta.
Táthar ag súil go gcuirfear na hÚdaráis Áitiúla ar an eolas faoi dheireadh mhí Márta maidir leis an tsraith deiridh tionscadal a gceadófar maoiniú dóibh faoi chlár na bliana seo.