Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 78, 79 agus 80 le chéile.
Creidim go bhfuil na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO), mar údarás oideachais áitiúil an Stáit, foirfe chun tabhairt faoin gcomhchomhairle leis na tuismitheoirí réamhscoile sa phróiseas seo. Ceann de na gearáin a bhí ann maidir leis an bpróiseas roimhe seo ná nár cuireadh pobail áitiúla agus geallsealbhóirí áitiúla san áireamh a dhóthain. Tá na BOO, mar údaráis oideachais reachtúla, i láthair i ngach contae, le hionadaíocht ó ghrúpaí áitiúla agus óna mbord, an-fheiliúnach go deo chun an próiseas seo a chur i gcrích.
Tá na pleananna nua deartha chun scoileanna breise il-sainchreidmheacha a sholáthar i gceachtar de dhá theanga oifigiúla an náisiúin. Tá líon suntasach gaelscoileanna faoi phátrúnacht pátrún sainchreidmheacha i láthair na huaire. Faoi réir cinntí maidir leis na scoileanna atá le haistriú, is dócha go mbeidh gaelscoileanna i measc na scoileanna sin a bheidh á mbreithniú lena n-aistriú chuig pátrúin il-sainchreidmheacha, lena n-áirítear pátrúin le Gaeilge.
Sa chéim a bhaineann le cur i bhfeidhm an phróisis, leagfar níos mó béime ar na pátrúin atá ann cheana a rachaidh i mbun comhchomhairle leithne le scoileanna agus le pobail sna limistéir atá i gceist agus leis na pátrúin ionchasacha sula ndéanfar cinneadh maidir le ceann scríbe an aistrithe pátrúnachta. Déanfar gach pátrún, lena n-áirítear pátrúin le Gaeilge, a bhreithniú sa phróiseas. Toisc gur scoileanna "beo" nó scoileanna atá ann cheana iad na scoileanna a bheidh le haistriú, beidh tuairimí phobal na scoile maidir leis an bpátrúnacht nua, mar aon le tuairimí na gcomhlachtaí pátrún ionchasach, mar chuid nach beag ina thaobh seo.