Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 March 2017

Tuesday, 7 March 2017

Questions (23)

Peadar Tóibín

Question:

23. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise na cáipéise nua atá curtha le chéile ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ina léirítear imní forleathan maidir lena laghad seirbhísí poiblí atá ar fáil as Gaeilge, cad atá á dhéanamh aici chun dul i ngleic leis an easpa seirbhísí poiblí sin, cathain a thosóidh an próiseas sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11789/17]

View answer

Oral answers (6 contributions)

An teachtaireacht atá ag teacht ón Rialtas ná foghlaim an Ghaeilge, labhair an Ghaeilge ach ná labhair linne mar Stát í. Ar maidin chuaigh mé i dteagmháil leis an Revenue. Bhí píosa oibre le dhéanamh agam. Roghnaigh mé an líne as Gaeilge. Tar éis ceithre nóiméad tháinig duine ar ais chugam agus dúirt siad "Oh sure I have no Irish at all". Cúpla bliain ó shin chuaigh mé i dteagmháil le heagraíocht Stáit ag iarraidh léarscáil Gaeilge a fháil agus dúirt an fear liom: "Do you think we can make maps for every hobby in the country?" Léiríonn sé sin meon an Stáit mar gheall ar sheirbhís na Gaeilge. Cathain a bheidh an Rialtas sásta seirbhísí na Gaeilge a chur ar fáil le haghaidh daoine sa Ghaeltacht agus Gaeilgeoirí thart timpeall na tíre?

Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus is tríd na scéimeanna teanga faoi alt 11 den Acht go príomha a chuireann comhlachtaí poiblí seirbhísí ar fáil don phobal.

Tá próiseas leanúnach ar bun ag oifigigh mo Roinne chun scéimeanna teanga a dhaingniú le go leor comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ón eolas is déanaí atá ar fáil do mo Roinn, tá 214 scéim teanga san iomlán daingnithe le comhlachtaí poiblí éagsúla, ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm, ar a n-áirítear céad, dara agus tríú scéimeanna. Ag tógáil san áireamh athruithe atá tagtha chun cinn mar thoradh ar scor nó ar athstruchtúrú comhlachtaí poiblí éagsúla le tamall anuas, tá 121 comhlacht poiblí san iomlán clúdaithe faoi na scéimeanna teanga i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le tuairim is 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá scéim daingnithe le gach Roinn Stáit agus le gach comhairle contae, seachas ceann amháin. Is féidir a rá go bhfuil scéim daingnithe le mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé rialta ag an phobal leo.

Ar ndóigh, ní miste a mheabhrú gur cúram d'Oifig an Choimisinéara Teanga féachaint chuige go bhfuil na gealltanais atá tugtha ag comhlachtaí poiblí i scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu.

Ní miste a nótáil go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm, faoi réir alt 14(3) den Acht Teanga, ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is moille. Tá sé aitheanta go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú dúshlánach, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní. Tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht Teanga.

Ón uair gur tháinig córas na scéimeanna i bhfeidhm faoin Acht Teanga, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla.

Ceapaim go bhfuilimid ag dul in olcas i ndairíre mar fiú go bhfuil scéim teanga daingnithe ag an Aire agus ag an Rialtas, conas a bhfuil fhios aige go bhfuil siad ag oibriú? Conas a bhfuil fhios aige go bhfuil na heagraíochtaí ag comhlíonadh a gcuid dualgas mar gheall ar na scéimeanna sin? An bhfuil Revenue faoin scéim? Ní raibh mise in ann aon seirbhís a fháil as Gaeilge inniu ó Revenue. Is féidir gach scéim a chur i bhfeidhm ach muna bhfuil an Rialtas sásta daoine a earcú le Gaeilge fheidhmeach ní oibreoidh na seirbhísí amach sa todhchaí. Sin leath den fhabhb.

Táimid beagnach ag teacht chuig deireadh na straitéise 20 bliain. Chuir mise ceist pharlaiminte i ndiadh ceist pharlaiminte isteach ag lorg an dáta foilseacháin agus ní dhearna an Rialtas dada ach an cheist a chur ar an méar fháda. Is léir dúinne uile an chúis a bhí leis an ndrogall a bhí air an cháipéis a fhoilsiú. Léiríonn sí teip mhór an Rialtais i leith na Gaeilge. Taispeántar dúinne i measc iliomad laigí eile go bhfuil easpa seirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge. Cad a dhéanfaidh an tAire Stáit chun dul i ngleic leis an laghad sheirbhísí poiblí seo? Cathain a dtosnóidh an próiseas chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo?

Is mór an trua nach bhfuair an Teachta seirbhís ón gCoimisinéir Ioncaim ar maidin nó i rith na seachtaine. Chuala mé ó dhaoine eile a bhí ag freastal ar an gCoimisinéir Ioncaim go raibh siad in ann seirbhís a fháil trí Ghaeilge. Níl fhios agam cén fáth nach raibh an Teachta in ann ar an ócáid seo. Tá dualgas ar an gCoimisinéir Teanga agus a fheidhmeannaigh monatóireacht a dhéanamh ar na scéimeanna. An bhfuil siad ag oibriú? An bhfuil daoine in ann seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge ó chuile seirbhís Stáit?

Ó thaobh an méid atáimid ag déanamh faoi láthair, níl sé fíor go bhfuilimid ag teacht chuig deireadh na straitéise. Nílimid ach sa séú bhliain de 20. Níl sé fíor go bhfuilimid ag teacht go deireadh na straitéise. Ag cruinniú in 2013 chuir an Rialtas tús le cur chuige nua chun cumas agus úsáid na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú. Tháinig na socruithe nua in áit an chórais a bhí ann go dtí sin maidir le marcanna bónais i gcomórtais earcaíochta agus arduithe céime as a bheith inniúil sa Ghaeilge.

An rud atá mé ag rá ná go bhfuilimid ag teacht chuig deireadh na deise chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Táimid ag teacht chuig deireadh na deise chun na cuspóirí atá istigh sa straitéis a bhaint amach. Is léir nach bhfuilimid ag teacht chuig na figiúirí mar gheall ar sheirbhísí, achmhainní nó cainteoirí laethúla taobh amuigh den Státchóras.

Bhí an tAire Stáit ag caint faoin gCoimisinéir Teanga. Sheas an iar-Choimisinéir Teanga siar. An fáth a sheas sé siar ná go raibh sé iomlán den tuairim nach raibh sé in ann a chuid poist a chomhlíonadh agus nach raibh an Stát sásta seasamh taobh thiar de na focail a bhí á rá aige. Dar leis an gCoimisinéir Teanga atá ann anois, tá teip iomlán déanta ag an Rialtas maidir leis na cúraimí atá aige.

An t-eolas atá ag teacht chugainn ná nach mbeimid in ann cuspóirí na straitéise 20 bliain a bhaint amach muna bhfuil athrú iomlán i meon an Rialtais. Nílim lán cinnte. Ceapaim go bhfuil dearcadh dearfach ag an Aire Stáit mar gheall ar na rudaí ach níl an bheirt Airí in aice leis fiú ag éisteacht leis an gceist. Ní thuigeann siad cad atá i mbun na ceisteanna seo. Níl an cumhacht nó an toil chuí ag an Rialtas dul i ngleic leis na fadhbanna atá i gceist.

Aontaím leis an Teachta go dteastaíonn níos mó a dhéanamh agus feabhas a chur ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ón seirbhís phoiblí. Ó thaobh cad atáimid ag déanamh, tá sé socruithe ag an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe go ndéanfaidh Ranna agus oifigí Rialtais sainaithint ar phoist agus ar réimsí oibre inar dteastaíonn oifigí le Gaeilge. De réir an pholasaí nua, tá beartas á chur i bhfeidhm leis an méid daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go dátheangach a mhéadú. Tá sé seo á dhéanamh chun go mbeidh cur chuige ann a bheidh dírithe ar iomaíocht i gcomhthéacs chomórtas earcaíochta agus ardaithe céime don Stáitseirbhís. Mar chuid den phróiséas nua seo, tá fo-phainéil d'íarrtheoirí cáilithe dátheangacha le bunú mar thoradh ar an gcomórtas atá ar siúl faoi láthair ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, d'oifigigh chléireachais, oifigigh fheidhmiúcháin agus oifigigh riaracháin. Cuireann na ceapacháin a dhéanfar ó na fo-phainéil seo go mór le cumas na Ranna éagsúla seirbhísí níos fearr a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Toisc go bhfuilim in amhras maidir le feidhmiú an chóras seo, tá sé iarraithe agam ar mo oifigigh comhrá oscailte a thógáil le comhghleacaithe i Ranna eile féachaint an féidir an córais a fheabsú. Tá siad i mbun na hoibre sin faoi láthair agus tá siad ag déanamh dul chun cinn maith.

Top
Share