Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 March 2017

Tuesday, 7 March 2017

Questions (236)

Éamon Ó Cuív

Question:

236. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén toradh a bhí ar an bplé a rinneadh ag an bhFochoiste Rialtais ar an nGaeilge a bhí ar siúl ar an 27 Feabhra maidir le pacáiste cúnaimh ar leith a chur ar fáil do na meánscoileanna ar na hoileáin amach ón gcósta; an bhfuil sé i gceist ag an Aire pacáiste dá leithéid a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11908/17]

View answer

Written answers

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta Dála go bhfuil an sceideal foirne d’iar-bhunscoileanna eisithe ón Roinn le déanaí. Níl sé ceart ná cóir an gnó a pléadh ag Coiste Caibinéid na hEalaíona, na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na nOileán a scileadh, de bharr prionsabail rúndachta  an Choiste Caibinéid. Ina ainneoin sin, níl aon chinneadh eile déanta agam faoi mháoiniú na n-iar-bhunscoileanna ar na hoileáin.

Top
Share