Peadar Tóibín
Question:432. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sí go bhfuil sárobair á déanamh ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí sa Ghaeltacht a bpáistí a thógáil le Gaeilge; an mbeidh sí sásta maoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ionas gur féidir leo obair na heagraíochta a leathnú amach chuig gach ceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12008/17]
View answer