Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí GLAS

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 March 2017

Thursday, 9 March 2017

Questions (293)

Éamon Ó Cuív

Question:

293. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar an chéad íocaíocht don bhliain 2016 faoin scéim GLAS le feirmeoir (sonraí tugtha); cén chúis atá leis an moill ar an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12665/17]

View answer

Written answers

Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 3 agus an 1 Eanáir 2017 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh.

Tá an chéad íocaíocht atá dlite don duine ainmnithe i leith na bliana scéime 2017 agus déanfar í seo a phróiseáil sa ráithe dheireanach den bhliain.

Top
Share