Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 March 2017

Thursday, 23 March 2017

Questions (133)

Éamon Ó Cuív

Question:

133. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil eitiltí breise ar fáil chuig Oileáin Árann mar a bhíodh ar an bpraghas céanna leis na heitiltí OSP; an dtuigeann sí an tábhacht a bhaineann le seirbhís sholúbtha a bheith ar fáil chuig Oileáin Árann ar phraghas réasúnach; an bhfuil sé i gceist aici aon rud a dhéanamh leis an staid a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14714/17]

View answer

Written answers

Faoin gconradh atá idir mo Roinn agus Galway Aviation Services Limited (Aer Arann Islands) don tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020, tá sceideal críochnúil eitiltí le cur ar fáil do na hoileáin Árann faoi Oibleagáid Sheirbhís Phoiblí. D’eascair an conradh seo as próiseas cuimsitheach tairisceana a reáchtáladh anuraidh faoina raibh sé oscailte dóibh siúd a bhí ag déanamh tairisceana eitiltí bhreise a thairiscint gan uasteorainn, anuas ar an íosleibhéal seirbhísí a bhí iarrtha. Ba phróiseas casta a bhí ann, ag cur san áireamh na rialacha a bhain le soláthar poiblí, státchabhair agus trasfhóirdheonú lena mb’éigean do mo Roinn cloí. Sa chomhthéacs seo, ní bheadh sé cuí athchuairt a thabhairt ar an bpróiseas seo.

Top
Share