Skip to main content
Normal View

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 April 2017

Wednesday, 12 April 2017

Questions (250)

Peadar Tóibín

Question:

250. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí scagadh ar an gcaiteachas €250,000 a gealladh d’Údarás na Gaeltachta sa bhuiséad reatha agus a bhí le cur ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta; cá ndeachaigh an t-airgead seo; cé hiad na heagraíochtaí a fuair an t-airgead; cén méid a fuair siad; agus an dtaispeánfaidh sí an t-eolas i bhfoirm tábla. [18508/17]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh €1,545,528 le 30 eagraíocht pobail i 2016 chun clár forbartha pobail a fheidhmiú ina gceantar feidhme. Ag éirí as an soláthar airgid de €3.25m atá ar fáil don Údarás faoi fho-mhír C7 de Vóta na Roinne do 2017, tuigim ón Údarás go bhfuil soláthar de €1,824,418 á chur ar fáil acu i 2017 do na heagraíochtaí pobail bunaithe don chúram seo. Tá briseadh síos ar na sonraí sin léirithe san tábla thíos.

Contae

Ainm

Soláthar 2017

Íoctha 2016

Ardú

Dún na nGall

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

87,000

84,000

€3,000

Comhar Chumann Thoraí Teo

87,000

84,000

3,000

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo*

95,750

28,750

67,000

(1)

Comharchumann na nOileáin Beag Teo**

32,000

40,000

-€8,000

(2)

Céim Aniar Teo

57,000

54,000

€3,000

Pobal Eascarrach Teo

36,000

33,000

€3,000

Lár Chomhairle Paróiste Gleann Cholm Cille Teo*

73,865

23,865

€50,000

(3 )

Soláthar don Ghaeltacht Láir

15,000

 

0

€15,000

(4 )

Maigh Eo

Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo

71,000

69,000

€2,000

Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Teo

50,000

46,250

€3,750

Comhar Dún Caocháin Teo

44,000

41,000

€3,000

Coiste Cultúr, Teanga agus Forbartha Tuar Mhic Éadaigh Teo

35,000

31,350

€3,650

Gaillimh

Comhar Caomhán Teo

87,000

88,000

-€1,000

(5 )

Comhar Chumann Dhúiche Sheoigheach Teo

57,000

54,000

€3,000

Comharchumann Forbartha Árann Teo

94,000

90,750

€3,250

Comhairle Ceantair na n-Oileán Teo

51,000

48,000

€3,000

Forbairt Chonamara Láir Teo

56,000

52,000

€4,000

Comharchumann Shailearna Teo

60,000

57,775

€2,225

Comharchumann Forb artha Inis Meáin Teo.

75,000

30,000

€45,000

(6 )

Comhar Chuigéal (Leitir Mealláin) Teo.

35,000

30,000

€5,000

Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo

42,800

23,513

€19,287

(7 )

Comharchumann Mhic Dara Teo

56,000

52,000

€4,000

Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo

35,000

31,350

€3,650

Soláthar d’eagraíocht nua

15,000

0

€15,000

(8 )

Table ctg.

Contae

Ainm

Soláthar 2017

Íoctha 2016

Ardú

An Mhí

Comharchumann Ráth Cairn Teo

57,000

54,000

€3,000

Ciarraí

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo

71,000

71,000

-

(9 )

Comhar Chumann Forbartha Leith Triúigh Teo

57,000

52,225

€4,775

Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas Teo

58,000

53,500

€4,500

Forbairt na Dromada Teo

48,000

46,000

€2,000

Port Láirge

Comhl a cht Forbartha na nDéise Teo

52,000

50,000

€2,000

Corcaigh

Comharchumann Chléire Teo

87,000

84,000

€3,000

Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo

47,000

42,200

€4,800

Iomlán

1,824,418

1,545,528

€278,887

*sciar de dheontas 2016 le n-íoc leo

**sciar de dheontas 2015 san áireamh anseo.

Nótaí

(1) Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. Íocadh €28,750 leo i 2016. Tá soláthar de €28,750 a bhain le 2016 ach nár íocadh go dtí 2017 san áireamh sa soláthar de €95,750 do 2017.

(2) Comharchumann na nOileán Bheag Teo. San €40,000 a íocadh i 2016, bhain €8,000 d e le 2015.

(3) Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille. Tá soláthar de €23,865 a bhaineann le 2016 san áireamh san bhfigiúir de €73,865.

(4) An Ghaeltacht Láir. Soláthar déanta do €15,000 chun tacaíocht a chur ar fáil do struchtúr pobail nuair a bhunófar é.

(5) Comhar Caomhán Teo. Tá laghdú de €2,000 sa mbuiséad ó 2016 de bharr nach bhfuil costas pinsean i gceist a thuilleadh.

(6) Comharchumann Forbartha Inis Meáin Teo. Bunaíodh an comharchumann seo i 2016. Tá soláthar de €75,000 á chur ar fáil don bhliain reatha.

(7) Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. Tá soláthar de €7,800 san soláthar de €42,800 a bhain le 2016.

(8) Soláthar d’eagraíocht nua le tabhairt faoi fhorbairt pobail & teanga déanta do 2017.

(9) Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. Bhí athrú bainistíochta anseo agus tá an soláthar coinnithe ag an ráta céanna i 2017, dá bharr.

Top
Share