Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 May 2017

Tuesday, 9 May 2017

Questions (200)

Éamon Ó Cuív

Question:

200. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige deontas breise a chur ar fáil do Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Leitir Móir, Contae na Gaillimhe le go bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar an gclós scoile ionas go mbeidh an clós feiliúnach do mhac léinn ar a bhfuil míchumas (sonraí leis seo); má tá, cén uair a chuirfear an deontas seo ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21619/17]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá cistiú don scoil i dtrácht ceadaithe ag mo Roinn chun seomraí ranga breise a chur ar fáil. Beidh mo Roinn i dteagmháil go díreach leis an scoil i dtrácht maidir leis an gceist a tharraing an Teachta anuas.

Top
Share