Éamon Ó Cuív
Question:201. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a thabharfar cinneadh ar an iarratas ó scoil (sonraí leis seo) chun ceithre sheomra ranga réamhdhéanta móide oifig/seomra cruinnithe a fháil i bhfianaise na práinne a bhaineann le cinneadh a fháil, d’fhonn cead pleanála a fháil do na seomraí seo ionas go mbeidh siad ar fáil do mhí Mheán Fómhair seo chugainn, á chur i gcuntas go ndearnadh cinneadh stádas Deis 1 a bhronnadh ar an scoil seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23245/17]
View answer