Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2017

Tuesday, 16 May 2017

Questions (328)

Peadar Tóibín

Question:

328. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta bualadh le Comharchumann Inis Mór chun conradh Aer Árann a phlé leo, i bhfianaise na titime atá tar éis teacht ar an méid daoine atá ag úsáid na seirbhíse de bharr an chonartha nua, rud a fhágann nach bhfuil an tseirbhís ag freastal ar an éileamh níos mó, agus go gcosnaíonn an tseirbhís an iomarca airgid ar gach paisinéir taobh amuigh den Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22983/17]

View answer

Written answers

Tá conradh do sheirbhís aeir do na hOileáin Árann aontaithe ag mo Roinn le Galway Aviation Services Limited (ag trádáil mar Aer Arann) don tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020. Faoin gconradh sin, tá sceideal cuimsitheach eitiltí á gcur ar fáil ó cheann ceann na bliana. Mar aon le haon seirbhís sceidealta, tá amchlár leagtha síos don tseirbhís seo – amchlár faoina bhfuil socraithe go gcuirfear níos mó eitiltí ar fáil ná mar a bhí á ndéanamh le blianta beaga anuas faoin gconradh a bhí i bhfeidhm roimhe seo.

Bím sásta bualadh le Comharchumann Inis Mór am ar bith.

Top
Share