Cuireann Údarás na Gaeltachta deonta is reáchtála ar fáil do na comharchumainn ar sé oileán Gaeltachta chun Clár Forbartha na gComharchumann a chur i bhfeidhm ar na hoileáin sin. Cuirtear na deontais seo ar fáil chun cabhrú leo a gcuid costais bhainistíochta agus barrchostas a chlúdach. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear na deontais reáchtála sin ar fáil. Ár ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga agus fhorbairt phobail araon. Beag beann air sin, ní mór dom a mheabhrú don Teachta gur éirigh liom allúntas reatha breise de €250,000 a fháil don Údarás le dáileadh ar na comharchumainn agus na heagraíochtaí phobalbhunaithe Gaeltachta i mbliana.
Maidir leis an bpleanáil teanga, ní miste a shoiléiriú go bhfuil maoiniú ar leith á chur ar fáil ag mo Roinn tríd Údarás na Gaeltachta do na ceann eagraíochtaí atá i mbun pleananna teanga a réiteach do na hoileáin Ghaeltachta. Nuair a bheidh na pleananna sin réitithe agus iad faofa agamsa mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, cuirfear maoiniú ar leith ar fáil chun cabhrú leis na ceann eagraíochtaí na pleananna sin a chur i bhfeidhm.
Ní miste a rá go mbíonn foinsí eile ioncaim ag na comharchumainn oileánacha ó thograí tráchtála eile a bhíonn idir lámha acu.
Maidir leis na hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht, glactar leis gurb é maoiniú atá á chur ar fáil ag mo Roinn do na struchtúir bhainistíochta ar na hoileáin úd atá faoi chaibidil. Faoin maoiniú sin atá ar mhéid circa €0.5m in aghaidh na bliana, maoinítear struchtúir bhainistíochta ar naoi oileán amach ón gcósta. Tá difríocht bunúsach idir an struchtúr maoinithe sin agus an ról atá ag na Comharchumainn Ghaeltachta.