Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Dátheangacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2017

Tuesday, 23 May 2017

Questions (389, 390)

Peadar Tóibín

Question:

389. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a chríochnófar an próiseas scrúdaithe atá á dhéanamh ar riachtanais Ranna Rialtais agus príomhfhoras poiblí i dtaca le daoine atá in ann feidhmiú go dátheangach; cathain a fhoilseofar torthaí an scrúdaithe seo; cathain a chuirfear córas nua i bhfeidhm ó thaobh scéimeanna teanga de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23974/17]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

390. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta céard atá déanta aici ó thús na bliana chun córas earcaíochta na Státseirbhíse a leasú chun a chinntiú go mbeidh níos mó daoine inti ag a bhfuil Gaeilge fheidhmiúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23975/17]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 389 agus 390 le chéile.

Tá an t-athbhreithniú a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó críochnaithe ag oifigigh mo Roinne anois agus tá i gceist agam moltaí maidir le córas nua chun daoine le Gaeilge a earcú don seirbhís phoiblí agus córas chaighdeáin Ghaeilge a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna a dhéanamh i gcomhthéacs an Bhille nua atá beartaithe chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá i gceist Ceannteidil an Bhille seo a chur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Choiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin ar 25ú Bealtaine 2017. Ach na Ceannteidil a bheith faofa ag an gCoiste sin, cuirfear faoi bhráid an Rialtais iad go gairid ina dhiaidh le cead a fháil iad a fhoilsiú agus an Bille a dhréachtú.

Top
Share