Pat the Cope Gallagher
Question:382. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici maidir le scéim deontas bóithre straitéiseacha a chur ar bun sa Ghaeltacht chun slí rochtana a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre, os rud é go bhféadfaí maoiniú a fháil dá leithéid de scéim ag féachaint don mhéid airgid atá faoina cúram agus nár caitheadh sna buiséid éagsúla; an dtabharfaidh sí eolas i dtaobh cén uair a d'fhéadfaí a leithéid de scéim a chur ar bun, agus an mbeadh sí sásta gur plean ilbhliantúil a chuirfí ar bun chun déileáil leis an easpa tograí bonneagair i gceantair Ghaeltachta ó cuireadh an scéim ar fionraí sa bhliain 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25979/17]
View answer