Skip to main content
Normal View

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 May 2017

Tuesday, 30 May 2017

Questions (382, 383)

Pat the Cope Gallagher

Question:

382. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici maidir le scéim deontas bóithre straitéiseacha a chur ar bun sa Ghaeltacht chun slí rochtana a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre, os rud é go bhféadfaí maoiniú a fháil dá leithéid de scéim ag féachaint don mhéid airgid atá faoina cúram agus nár caitheadh sna buiséid éagsúla; an dtabharfaidh sí eolas i dtaobh cén uair a d'fhéadfaí a leithéid de scéim a chur ar bun, agus an mbeadh sí sásta gur plean ilbhliantúil a chuirfí ar bun chun déileáil leis an easpa tograí bonneagair i gceantair Ghaeltachta ó cuireadh an scéim ar fionraí sa bhliain 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25979/17]

View answer

Pat the Cope Gallagher

Question:

383. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici maidir le scéim bóithre áise a chur ar bun in athuair chun freastal ar thithe agus bóithre feirme i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre; an aithníonn sí an phráinn mhór atá le scéim den sórt seo chun dul i ngleic leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí ag dul chun donais i gceantair tuaithe ó thaobh ísliú caighdeán bóithre sa Ghaeltacht mar go bhfuil na mílte cónaitheoirí neamhábalta an costas a sheasamh maidir leis na bóithre seo a chóiriú chomh fada lena dtithe cónaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25980/17]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 382 agus 383 le chéile.

Faoi na scéimeanna atá luaite ag an Teachta agus atá ar fionraí anois, bhíodh deontais chaipitil ar fáil chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a dheisiú. Bhí sé de chuspóir ag na scéimeanna seo cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta chomh maith leis an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht.

Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá áirithe go sonrach mar sprioc i gClár an Rialtais Rannpháirtíochta, a dhéanfar aon chinneadh maidir le hathnuachan na scéimeanna sin.

Top
Share